1 Corinthians 2:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ní feas don duine nádúrtha na neithe thig ó Spiorad Dé: óir as aimhghliocas ris íad: agus fós ní féidir leis a bhfios do bheith aige, do bhrígh gur go sbioradalta aitheantar iad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní ghlacann an duine neamh‐spioradálta le neithibh Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó dith‐céille: agus ní féidir leis eolas d’fhágháil ortha, de bhrigh go mbreathnuightear iad go spiorádálta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An duine neamhspioradálta, ní ghlacann sé sin le tíolaicí Spiorad Dé, mar dar leis nach mbíonn ach amaidí iontu, agus ní bhíonn tuiscint aige orthu de bhrí go n-aith-nítear iad go spioradálta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas.