1 Corinthians 2:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní raibh mo chomhrádh ná mo sheanmóir a millseachd bhríathar an ghliocais dáonna, achd a bhfoillsiughadh dhearbhthachd chúmhachda na Spioraide:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní briathra blasta gliocais do bhí im’ chainnt agus im’ sheanmóireacht, acht lán‐dearbhú an Spioraid agus cumhacht:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus gan mo chaint ná mo theachtaireacht a bheith i mbriathra mealltacha eagnaí, ach bhí an Spiorad agus an chumhacht á léiriú tríothu,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m' fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus mʼfhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta,