1 Corinthians 2:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A néagna nar bhaithne dáoinneach do phrionnsaidhibh an tsáoghailse: óir dá madh aithne dhóibh í, ní chéusfaidís Tighearna na glóire go bráth.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
eagna nach raibh eolas ag lucht ceannais an tsaoghail seo uirthi, óir dá mbéadh eolas aca uirthi, ní chéasfaidís Tighearna ná glóire:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní raibh tuiscint air sin ag aon uachtarán dʼuachtaráin na haoise seo; mar dá mbeadh, ní dhéanfaidís Tiarna na glóire a chéasadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcros.