1 Corinthians 3:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dhearbhraithreacha, níor bhféidir leamsa labhairt ribhse mar dháoinibh sbioradálta, achd mar dháoinibh colluidhe, amhuil náoidheanuibh a Gcríosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Im’ thaobh‐sa, a bhráithre, níor fhéadas labhairt libh‐se mar labharfainn le daoinibh spioradálta, acht mar labharfainn le saoghaltánachaibh, le leanbhaibh i gCríost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach níor fhéad mise, a bhráithre, labhairt libh mar a labhróinn le fir spioradálta, ach mar a labhróinn le fir chollaí, a bhíos ina leanbáin i gcúrsaí Chríost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost.