1 Corinthians 3:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Na mealladh éinneach é féin. Má chithear déunduine aguibh é féin do bheith glic sa tsáoghalsa, bíodh sé na amadán, ionnus go mbíadh se glic.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná mealladh aon duine é féin. Má mheasann aon duine dhíbh bheith glic san tsaoghal so, bíodh sé ’n‐a amadán, chum go n‐éireochadh sé glic.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná bíodh duine ar bith á mhealladh féin. Má shíleann duine ar bith agaibh gur saoi é san aois seo, bíodh sé ina dhaoi go dtí go mbí sé eagnaí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre.