1 Corinthians 3:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is aimhghliocas ré Día gliocas an tsáoghalsa. Oír atá sgríobhtha, Greamuidhe sé na dáoine glioca ann a slighthibh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is díth‐céille le Dia gliocas an tsaoghail seo, mar tá scríobhtha, Greamuigheann sé lucht gliocais ’n‐a ngastacht féin:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar níl in eagnaíocht an tsaoil seo ach amaidí i bhfianaise Dé. Mar tá sé scríofa, “Ceapann sé na saoithe lena gclisteacht féin,”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: «Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin»;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”;