1 Corinthians 3:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír cía hé Pól? Agus cía hé Apollos, achd na mínisdrí tré ar chreideabhair, agus do réir mar tug an Tighearna do ghach áoinneach?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirbhísigh tré n‐ar chreideabhar; gach duine aca do réir mar thug Dia dhó é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cad é rud é Apollós? Cad é ní é Pól? Seirbhísigh iad ar tháinig sibh chun creidimh tríothu, mar a leag an Tiarna amach do gach duine acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Céard é Apallós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air: