1 Corinthians 3:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin ní bhfuil éifeachd sa tí phlanndaigheas, na fós sa tí chroitheas an tuisge; achd a Ndía do bheir an fás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, ní h‐éinnidh an té chuireas, ná an té chraitheas uisce, acht Dia do‐bheir an fás.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin níl tábhacht ann cé a chuireas nó cé a leagas an t-uisce faoi, ach amháin i nDia a thugas an fás dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t-uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t-uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás.