1 Corinthians 4:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As chuige so do chuir mé Timoteus chugaibh, atá na mhac ghrádhach agum, agus díleas sa Dtighearna, noch chuirfeas a gcuimhne dhíbh mo shlighesi a Gcríosd, do réir mar theaguisgim sna huile eagluisibh an gach éaináit.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Chuige sin is eadh do chuireas Timótéus chugaibh, mo mhac ionmhain féin atá díleas san Tighearna; cuirfidh seisean i gcuimhin daoibh mo shlighthe atá i gCríost, mar mhúinim‐se ins gach áit, ins gach eaglais iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is mar sin a chuir mé Timótéus, mo mhac dílis dlisteanach sa Tiarna, leis na bealaí a bhíos liom i gCríost a chur i gcuimhne daoibh, mar a bhíonn siad á dteagasc agam san uile áit agus eaglais.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is chuige sin atáim ag cur Tiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam á bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is chuige sin atáim ag cur Thiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam dá bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.