1 Corinthians 4:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ná beiridh breith ar áoinní roimh a nam, nó go dtíg an Tighearna, noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ó Dhía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin de, ná tugaigí breithiúnas roimh an am, go dtí go dtaga an Tiarna, a thabharfas chun solais a bhfuil i bhfolach sa dorchadas, agus a nochtfas ruin an chroí. Is ansin a gheobhaidh gach duine an moladh ó Dhia atá tuillte aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)