1 Corinthians 4:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dhearbhraithreacha, do tharruing mé na neithesi chugun féin, agus chum Apollos a bhfioghair ar bhur sonsa; chum sibhse dá bhfoghluim uáinn gan bheith dháoibh ní sa glioca ná mar atá sgriobhtha, gan neach aguibh do bheith a naghaidh a chéile ar na shéideadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois, a bhráithre, san méid adubhras, ag tagairt dom féin agus d’Apollos, do rinneas é chum go bhfoghlaimeochadh sibh uainn gan dul thar a bhfuil scríobhtha; chum nach mbéidh sibh lán d’uabhar i n‐éadan a chéile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Luaigh mé mé féin agus Apollós mar shamplaí, a bhráithre, le leas a dhéanamh daoibh, go bhfoghlaimí sibh uainn conas is cóir maireachtáil de réir an scrioptúir, agus ionas nach dtaobhaí sibh go hiomarcach le duine againn thar an duine eile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thagair mé na nithe seo dom féin agus d' Apollós, a bhráithre, ar mhaithe libhse, i dtreo go bhfoghlaimeodh sibh ónár gcásna gan a bheith ag dul thar cailc, agus gan duine a bheith ag déanamh mórtais as duine amháin i gcoinne duine eile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thagair mé na nithe seo dom féin agus dʼApallós, a bhráithre, ar mhaithe libh-se, i dtreo go bhfoghlaimeodh sibh ónár gcásna gan a bheith ag dul thar cailc, agus gan duine a bheith ag déanamh mórtais as duine amháin i gcoinne duine eile.