1 Corinthians 4:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá sibh a nois sáitheach, atá sibh a nois ar bhur ndéunamh sáidhbhir, do ghnodhaigheabhair rioghachd ionar bhféugmhaisne: agus do bfearr leam go bhfaghadh sibh rioghachd, ionnus go mbeidhmísne fós ar rióghaibh maille ribh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá bhur sáith agaibh cheana, atá sibh saidhbhir cheana, atá sibh suidhte i gcoróin cheana gan fanamhain linn; agus go deimhin dob’ fhearr liom sibh bheith suidhte i gcoróin, chum go mbéimís‐ne i gcoróin i n‐éinfheacht libh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nach sibh atá súgach sásta! Nach agaibh atá an saibhreas! Tá sibh in bhur ríthe dár mile buíochas! Agus ba é ba mhian liom sibh a bheith in bhur ríthe, ionas go mbeimisne inár gcomhríthe libh!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh.