1 Corinthians 5:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a nois do sgríobh mé chúgaibh gan chaidreabh do dhéanamh, má bhíonn éainneach dá ngoirthear dearbhráthair na sdríopaigh, nó na dhuine shanntach, nó na fhear iodhaladhruidh, no na fhear cainighe, nó na fhear misge, nó na fhear fúaduighe; ná caithidh fíu an bhidh na fhochair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht anois is é rud scríobhaim chugaibh gan caidreamh do dhéanamh le fear ar bith go bhfuil ainm bráthar air má’s striapach é, nó má’s duine sanntach é, no fear íodhal‐adhartha, nó meisceoir, nó gadaidhe; gan fiú béile do chaitheamh i bhfochair a leithéide sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is é a bhí á scríobh agam ina ionad sin gan baint a bheith agaibh le haon duine a mbíonn ainm bráthar air má bhíonn sé ciontach i ndrúis nó i gcraos, nó má bhíonn sé ina adhraith-eoir íol, má chuireann sé míchlú ar dhaoine lena chaint, má bhíonn sé ina mheisceoir nó ina ghadaí—ní dhéanfaidh sibh oiread agus ithe ag aon bhord lena leithéid de dhuine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid.