1 Corinthians 5:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír go deimhin, do bhreathnuigh misi cheana, mar neach nách bhfuil a láthair a bpearsuinn, achd atá a lathair a sbioraid, amhuil mar do bhéinn a láthair, an tí do rinne mar so an gníomhsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Im’ thaobh‐sa, nach bhfuil i láthair i bpearsain, acht atá i láthair i spiorad, atá breitheamhnas tabhartha agam cheana,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Siúd is go bhfuilim as láthair ó chorp táim i láthair ó sprid, agus mar a bheinn i láthair, tá breithiúnas tugtha agam cheana
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)