1 Corinthians 6:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A né nach bhfuil a fhios aguibh gur boill do Chríosd bhur gcuirp? uime sin an dtoigeubhaidh misi boill Chríosd, chum ball sdríopaidhe do dhéunamh dhíobh? nár léige Día sin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nach eol daoibh gur baill do Chríost bhur gcuirp? Má’s mar sin é, an nglacfad‐sa baill Chríost chum baill méirdrighe do dhéanamh dhíobh? Nár leigidh Dia é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill de Chríost bhur gcolainneacha? An nglacfaidh mé mar sin baill Chríost agus an ndéanfaidh mé baill striapaí díobh? Ní dhéanfaidh choíche!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin!
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin!