1 Corinthians 7:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a deirimsi re cách, agus ní he an Tighearna: Dá raibh nean gan chreideamh ag dearbhráthair ar bith, agus go dtig a háonta ar fhuireach na fhochair, ná cúireadh úadh í.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus leis na daoinibh eile adeirim‐se, ní h‐é an Tighearna é: Má tá bean nach gcreideann ag bráthair ar bith, agus má tá sise toilteanach ar chómhnaidhe leis, ná tréigeadh seisean í.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní hé an Tiarna, ach mise a deir leis an gcuid eile, más rud é go bhfuil bráthair ann a bhfuil banchéile aige nach bhfuil an creideamh aici, agus í toilteanach le bheith ar aontíos leis, nach bhfuil feidhm air scaradh léi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Deirim an méid seo leis an gcuid eile is uaim féin é agus ní ón Tiarna an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Deirim an méid seo leis an gcuid eile–is uaim féin é agus ní ón Tiarna–an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í.