1 Corinthians 7:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh dá ndealuighe an duine gan chreideamh é féin, bíodh sé dealuighthe. Ní bhfuil dearbhráthair, nó deirbhshíur fá dháoirse ann a leíthid so do chás: achd is chum siothchána do ghoir Día sinn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht dá mba mhian leis an duine gan creideamh imtheacht, imthigheadh sé. Ní fhuil ceangal ar bhráthair ná ar shiúr ’n‐a leithéid sin de chás: acht is chum síothchána do ghlaodh Dia sinn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach más mian leis an gcéile díchreidmheach scaradh, déantar amhlaidh; níl aon oibleagáid ar bhráthair ná ar shiúr má chuirtear sin i gcás. Mar ghlaoigh Dia sinn chun na síochána.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh.