1 Corinthians 7:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An bhfuil éinneach ar na ghairm ar mbeith dhó timchillghéarrtha: ná híarradh sé a bheith neimhthimchillghearrtha. An bhfuil éinneach ar na ghairm gan bheith dhó timchillghéarrtha: na timchillghearrthar é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má gairmthear aoinneach atá timcheall‐ghearrtha, fanadh sé timcheall‐ghearrtha. Má gairmeadh aoinneach nach raibh timcheall‐ghearrtha, ná timcheall‐ghearrthar é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuirim i gcás duine a bhí timpeallghearrtha cheana féin san am ar glaodh air. Ná féachadh sé le lorg an timpeallghearrtha a chur ar ceal. Cuirim i gcás go raibh duine gan timpeallghearradh san am ar glaodh air. Ná hiarradh sé timpeallghearradh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má bhí duine timpeallghearrtha nuair a glaodh air, ná bíodh sé ag iarraidh na comharthaí a chur ar ceal. Má bhí duine gan timpeallghearradh nuair a glaodh air, ná timpeallghearrtar anois é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má bhí duine timpeallghearrtha nuair a glaodh air, ná bíodh sé ag iarraidh na comharthaí a chur ar ceal. Má bhí duine gan timpeall-ghearradh nuair a glaodh air, ná timpeallghearrtar anois é.