1 Corinthians 7:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní bhfuil éifeachd sa timchillghearradh, agus ní fhuil éifeachd sá neimhthimchillghearradh, achd a gcoimhéud aitheantadh Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní h‐éinnidh an timcheall‐ghearradh, agus ní h‐éinnidh an neamh‐thimcheall‐ghearradh, acht is é an t‐iomlán umhlú d’aitheanta Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar níl aon tábhacht sa timpeallghearradh ná sa neamh-thimpeallghearradh, ach i gcleachtadh aitheanta Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is cuma an timpeallghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is cuma an timpeall-ghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád.