1 Corinthians 7:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Nar goireadh thú ad shearbhfhoghantuidhe? ná bíodh suim agad ann: gidheádh más féidir leachd bheith sáor, go madh hé sin do rogha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar gairmeadh thú id’ sclábhaidhe dhuit? Ná bíodh sé ’n‐a chás ort; acht má fhéadann tú bheith saor, bain leas as.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An raibh tú i do dhaor nuair a glaodh ort? Nach cuma! Ach má bhíonn faill agat an tsaoirse a fháil, glac léi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit ach más féidir duit dul saor, b' fhearr duit an deis a ghlacadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit–ach más féidir duit dul saor, bʼfhearr duit an deis a ghlacadh.