1 Corinthians 7:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an tí atá ar na ghairm sa Dtighearna, na shearbhfhoghantuidhe, is duine sáor é don Tighearna: is mar an gcéudna fós an tí atá ar na ghairm, ar mbeith dhó sáor, as searbhfhoghantuidhe do Chríosd é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir an té do gairmeadh san Tighearna, bíodh gur sclábhaidhe é, saoránach an Tighearna is eadh é: ar an gcuma chéadna an té fuair gairm agus é saor, searbhónta Chríost is eadh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an té sin a fuair glaoch ón Tiarna agus é ina dhaor, is é saor an Tiarna é. Mar an gcéanna an té sin a fuair glaoch ón Tiarna agus é ina shaor, is é daor an Tiarna é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.