1 Corinthians 7:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd fós ma phósann tú, ní bhfuil peacadh dhuint ann; agus má phósann maighdean, ní bhfuil peacadh dhi ann. Gidheadh do gheubhaid a leithid so buáidhirt do tháóbh na feóla: achd atáimse da bhur ccoigilt.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht má phósair, ní fhuil peacadh déanta agat; agus má phósann maighdean, ní fhuil peacadh déanta aici‐se. Acht do‐gheobhaidh a leithéidí anró ó thaobh na feola; agus ba mhaith liom bhur spáráil.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach má phósann tú, ní peaca duit é, agus má phósann cailín, ní peaca di é. Ach beidh a gcuid féin de bhuaireamh saolta ar an dream a phósfas, agus ba é ba mhian liom sin a chose oraibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má phósann tú, áfach, ní aon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní aon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má phósann tú, áfach, ní haon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní haon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin.