1 Corinthians 7:30 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an dream do ní cáoi, mar dhruing nach déún cáoi; agus an dream do ní gáirdeachus, mar luchd nach dein gáirdeachus; agus an dream cheannchus, mar dháóinibh gan sealbh aca;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus iad‐san do‐ghní gol mar bhéidís gan bheith ag gol; agus iad‐san do‐ghní gáirdeachas mar dhaoine nach ndéanann gáirdeachas; agus iad‐san cheannuigheas mar bhéadh daoine gan sealbhachas;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus an dream atá faoi bhrón mar nach mbeadh brón orthu, agus an dream a bhfuil lúcháir orthu mar nach mbeadh lúcháir orthu, agus an dream a bhíos ag ceannach mar nach mbeadh aon ní acu,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire.