1 Corinthians 7:34 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá dithfir eidir bean agus máighdion. Bí curam na neitheann nbheanus ris an Dtighearna air an mnáoi nach bí pósda, ionnus go mbíadh sí náomhtha a gcorp agus a spioraid: achd bí cúram na neitheann bheanus ris an sáoghal ar an mnáoi bhíos pósda, cionnus búdh fhéídir ría toil a fir do dhéunamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus atá deifir idir an bhean phósta agus an mhaighdean. An bhean nach bhfuil pósta, is iad neithe bhaineas leis an Tighearna bhíos mar chúram uirthi, d’iarraidh bheith naomhtha san gcolainn agus san spiorad: acht an bhean atá pósta, is iad neithe an tsaoghail seo bhíos mar chúram uirthi‐se, d’iarraidh toil a fir do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus gan é ar aon aigne amháin. Agus an bhean nó an cailín nár pósadh, bíonn imní uirthi faoi ghnóthaí an Tiarna, agus faoi bheith naofa i gcorp agus i sprid; ach bíonn imní ar an mbean phósta faoi ghnóthaí saolta, agus faoi conas a thaitneos si lena fear céile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean singil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna d' fhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean shingil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna dʼfhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh.