1 Corinthians 7:35 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus is ar mhaith libhse a deirim na neithesi; ní chum bhur ngabhála a ndúl, achd chum an ní noch is damhail, achd ionnus go cceangalfadh sibh don Tighearna gan trioblóid.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is ar mhaithe libh féin adeirim an méid seo; ní h‐é go mba mhian liom ceangal do chur oraibh, acht chum ionnracais, agus chum go gceangalfadh sibh do’n Tighearna gan seachmall.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Deirim an méid seo le bhur leas, gan aon srian a chur libh, ach le caoi cheart a chur ar bhur gcúrsaí agus bhur n-aird ar fad a bheith ar an Tiarna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.