1 Corinthians 7:36 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd dá sáoilidh éinneach nach iomchubhaidh dhá mhaighdin bláth a haimsire do léigean tháirrsi, agus gur cóir a dhéanamh mar sin, déunadh mar is áill ris féin, ní bhfuil peacadh dhó ann: pósdar íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht má mheasann aoinneach nach iomchubhaidh dhó leigean d’á mhaigdin dul thar bláth na h‐óige, agus má’s gábhadh é, déanadh sé mar is áil leis féin, ní fhuil peacadh d’á dhéanamh aige; pósaidís.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má shíleann aon duine nach bhfuil sé á iompar féin mar ba cheart leis an mbean a bhfuil sé luaite léi, agus má bhíonn a ainmhian trom, agus riachtanas leis: bíodh de chead acu pósadh—ní peaca é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Más dóigh le duine nach bhfuil sé ag déanamh mar is cuí le hiníon leis agus í go maith in aois a pósta agus gan aon réiteach eile aige air, déanadh sé mar is áil leis; pósaidís agus ní haon pheaca dó é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)