1 Corinthians 7:37 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an tí atá dearbhtha as a chroidhe féin, ar nach bhfuil riachdanus, agus fhéudus a thoil féin do cheannsughadh, agus do chuir so roimhe iona chroidhe a mhaighdean do choimhéud, is maith do ní sé é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht an té atá lán‐dearbhtha ’n‐a chroidhe istigh, gan aon éigean bheith ann, acht ceannas bheith aige ar a thoil féin, agus é bheith de rún ’n‐a chroidhe aige a mhaighdean do choimheád gan pósadh, do‐ghní sé go maith.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach an té a bhfuil a chroí daingean, agus nach bhfuil riachtanas air, agus a bhfuil a mhianta faoi shrian, agus a bhfuil mar rún daingean aige ina chroí bheith luaite léi go buan, beidh dea-rud déanta aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an taobh eile, áfach, an fear atá daingean diongbháilte ina chroí, agus gan aon iallach air ach é ar a chomhairle féin, agus a shocraíonn ina aigne ar a iníon a choinneáil mar atá sí, beidh rud maith déanta aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)