1 Corinthians 7:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile air feadh tamuill, chum sibh féin do thabhairt do throsgadh agus dúrnaighe; agus a rís taguidh a gceann a chéile, deagla go gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh tre bhur neamhgheanmnuidheachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná h‐eitighidh a chéile, munab de thoil a chéile é ar feadh tamaill, chum go gcromfaidh sibh ar urnaighe, agus annsin tagaidh le chéile arís, ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh mar gheall ar neamh‐gheamnaidheacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná diúltaígí dá chéile ach amháin, bʼfhéidir, ar feadh tamaill dʼaontoil, ionas go dtuga sibh sibh féin suas don urnaí; agus san uair sin féin tagaigí le chéile arís ar eagla go gcuirfidh Sátan cathuithe oraibh tri dhíobháil sriantachta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d' fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile dʼfhonn a bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.