1 Corinthians 7:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a deirim ris an druing nach bhfuil pósda, agus ris na baintreabhachaibh, Gur maith dhóibh má fhanuid síad mar fhanuimse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adeirim leis na fearaibh nach bhfuil pósta agus leis na baintreachaibh: Is maith dhóibh fanamhain mar fhanaim‐se.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Deirim leis an dream nár phós go fóill agus leis na baintreacha go bhfuil sé chomh maith acu fanacht díomhaoin agus aithris a dhéanamh ormsa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é a deirim leis na daoine single agus leis na baintreacha go mb' fhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é a deirim leis na daoine singile agus leis na baintreacha go mbʼfhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin.