1 Corinthians 8:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tuilleadh eíle a dtáobh na neitheann iodhbarthar diodhaluibh, atá a fhios aguinn go bhfuil éolus aguinn uile. Arduighe an teólus inntínn dhuine, achd do ní an grádh follamnughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois i dtaobh bidh atá íodhbartha d’íodhalaibh: atá a fhios againn go bhfuil eolas ag gach duine againn. Cothuigheann eolas uabhar, acht is é an grádh do‐bheir deaghshampla.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois i dtaobh an bhia a bhítear á ofráil do dhéithe bréige: is feasach dúinn go bhfuil “eolas againn uile.” Séideann an “tEolas” le gaoth, ach cothaíonn an grá an croí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil «fios» againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil “fios” againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil.