1 Corinthians 8:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir da bhfaicidh éunduine thusa agá bhfuil eólas ad shuídhe ar bhórd a dteampoll na niodhal, a né nach neirteóchar connsías an tí atá meiribh chum na neitheann iodhbarthar diodhaluibh íthe;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir má chíonn aon duine thusa go bhfuil eolas agat id’ shuidhe chum bidh i dteampall an íodhail, nach neartóchar coinsias an té atá lag chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar má íheiceann aon duine tusa, an fear a bhfuil an t-eolas aige, ina shuí ag bord i dteampall dia bréige, nach cosúil go ngríosfadh sé sin é, má tá a choinsias lag, le bia a ithe a ofráladh do dhéithe bréige?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar an duine a bhfuil an coinsias go lag aige, má fheiceann sé tusa, fear an eolais, i do shuí chun boird istigh i dteampall págánach, nach mbrostófar é chun an bia íobartha a chaitheamh chomh maith?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar an duine a bhfuil an coinsias go lag aige, má fheiceann sé tusa, fear an eolais, i do shuí chun boird istigh i dteampall págánach, nach mbrostófar é chun an bia íobartha a chaitheamh chomh maith?