1 Corinthians 8:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhrígh heoluise an rachaidh an dearbhráthair éugcruáidh amúgha, agá bhfúair Críosd bás ar a shon?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus de chionn t’eolais‐se milltear an té atá lag, an bráthair go bhfuair Críost bás ar a shon.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus mar sin scriosann an t-eolas sin atá agat an duine lag seo, an bráthair a bhfuair Críost bás ar a shon.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An duine lag is bráthair duit agus a bhfuair Críost bás ar a shon, déantar é a mhilleadh le do chuidse eolais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An duine lag is bráthair duit agus a bhfuair Críost bás ar a shon, déantar é a mhilleadh le do chuid-se eolais.