1 Corinthians 8:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh ní bhfuil an teólus sin ag gach éunduine: óir atá dream áirighe agá bhfuil fios na hiodhaile gus a nois itheas é mar ní iodhbarthar díodhaluibh; agus ar mbeith dá ccoinnsiás éugcruáidh salaighthear é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ní fhuil an t‐eolas sin ag gach duine; óir atá daoine ann atá cleachtuighthe ar an íodhal, itheas a mbiadh mar bhiadh íodhbartar d’íodhal; agus ó thárla a gcoinsias bheith lag, saluightear é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní lúide, níl an t-eolas sin ag an uile dhuine. Tá dream ann, a itheas bia ionann is mar a ofráladh é dáiríre do dhia bréige, ó bhí siad cleachta le déithe bréige roimhe sin; agus truaillítear a gcoinsias siúd, trína laige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní hé gach aon duine a bhfuil an tuiscint seo aige áfach. Tá daoine áirithe ann agus oiread [taithí] acu ar na híola go dtí seo, go gcaitheann siad an bia faoi mar go mbeadh sé íobartha don íol dáiríre agus toisc a gcoinsias a bheith lag fágtar smál dá réir air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní hé gach aon duine a bhfuil an tuiscint seo aige áfach. Tá daoine áirithe ann agus oiread taithí acu ar na híola go dtí seo, go gcaitheann siad an bia faoi mar go mbeadh sé íobartha don íol dáiríre agus toisc a gcoinsias a bheith lag fágtar smál dá réir air.