1 Corinthians 9:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Nó a né nach air ar soinne go huilidhe a déir sé so? Go deimhin, as air ar soinne, atá sé sgríobhtha: oír as maille ré dóthchas is cóir don treabhaire treabhadh do dhéanamh; agus don bhuáilteóir búaladh a muinighin go bhfuigheadh sé tairbhe a dhóthchais.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nó nach ar mhaithe linne labhras sé? Is eadh, ar mhaithe linne atá sé scríobhtha; chum, an té threabhas go dtreabhfadh sé le dóchas, agus chum, an té bhuaileas arbhar, go mbuailfeadh sé le súil go bhfaigheadh sé a chuid féin de.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nach bhfuil sé á rá sin mar mhaithe linne ar fad? Is mar mhaithe linne a scríobhadh é, as siocair gur cóir don treabhdóir treabhadh i ndóchas agus gur cóir don bhuailteoir bualadh i ndóchas a chuid féin den arbhar a fháil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An iad na daimh is cás le Dia? Nó nach chugainne a bhí sé dáiríre? Is chugainn a scríobhadh é gan dabht, á thabhairt le fios nach miste don treabhadóir agus don bhuailteoir bheith ag súil lena gcion den toradh a fháil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An iad na daimh is cás le Dia? Nó nach chugainne a bhí sé dáiríre? Is chugainn a scríobhadh é gan dabht, dá thabhairt le fios nach miste don treabhadóir agus don bhuailteoir a bheith ag súil lena gcion den toradh a fháil.