1 Corinthians 9:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Má gheibhid dáoine eile toradh an chúmhachdasa uáibh, créud fá nách bhfuighemisne é ní sa mhó? Gidheadh níor chuireamar na cúmhachdasa a ngnás; achd iomchramáoid na huile neithe, ionnus nach dtiocfadh dhínn toirmeasg ar bith do chur ar shoisgéul Chríosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má bhaineann daoine eile tairbhe de’n cheart sin oraibh, nach móide ba chóir dúinne páirt do bheith againn ann? Acht níor bhaineamar feidhm as an gceart sin, acht fulaingmíd gach uile nidh, chum nach gcuirfimís bac ar bith le soiscéal Chríost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má bhíonn an ceart sin le héileamh oraibh ag daoine eile, nach mó go mór is féidir linne a éileamh oraibh? Ach siúd is go bhfuil an ceart seo againn, níor bhaineamar aon fheidhm as, ach níl ní nach féidir linn a sheasamh sula gcuirimid aon chose i slí shoiscéal Chríost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má fhaigheann daoine eile an ceart seo uaibh, nach móide go bhfaighmisne uaibh é? Ach níor bhaineamar feidhm riamh as an gceart sin. Ina ionad sin cuirimid suas le gach sort ar eagla go gcuirfimis bac dá laghad ar dhea-scéal Chríost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má fhaigheann daoine eile an ceart seo uaibh, nach móide go bhfaighmisne uaibh é? Ach níor bhaineamar feidhm riamh as an gceart sin. Ina ionad sin cuirimid suas le gach sórt ar eagla go gcuirfimis bac dá laghad ar dhea-scéal Chríost.