1 Corinthians 9:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A né nách bhfuil a fhios aguibh an dream shaothruigheas a dtimcheall na neitheann náomhtha go níthid síad do neithibh an teampoill? agus an dream bhíos do ghnáth ag fritheóladh na haltóra go bhfaghaid cuid ranna don naltóir?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nach eol daoibh na daoine riaras neithe spioradálta go mbeathuightear iad ó’n teampall, agus na daoine do‐ghní freastal ar an altóir, go mbíonn a gcuid féin aca ó’n altóir?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nach feasach daoibh go bhfaigheann an dream a bhíos ag freastal sa teampall a mbia ón teampall, agus go bhfaigheann an dream a bhíos ag freastal ar an altóir a gcuid de na híobairtí?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun shearmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?