1 Corinthians 9:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh níor chuir misi éinní dhíobh so a gnás: agus fós ní huime do sgríobh mé na neithesi, ionnus go ndéantáoi mar sin leam féin: oír do bhfear leam bás dfagháil, ná go ccuirfeadh éainneach mo mháoithfeachus a neimhbhrígh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht níor bhaineas‐sa feidhm as nidh ar bith dhíobh sin: agus ní le súil go mbéadh éinnidh d’á thairbhe agam atáim ag scríobhadh ’n‐a thaobh so: óir do b’fhearr liom bás d’fhágháil ’ná go ndéanfadh aoinneach neimhnidh de’n adhbhar maoidhmheachais seo agam.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach níl aon fheidhm bainte agamsa as na cearta seo, agus níl mé ag scríobh i ndúil le haon soláthar den sórt a fháil. Mar bʼfhearr liom bás a fháil ná aon duine mʼábhar maíte a bhaint díom.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní á n-éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. B' fhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan m' ábhar maíte.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní dá n-éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. Bʼfhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan mʼábhar maíte.