1 Corinthians 9:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír bíodh go ndeanuinn an soisgéul do sheanmórughadh, ní bhfuil adhbhar máoithfeachuis agam: do bhrígh go bhfuil sé na éigean oram; agus, as trúagh dhamh, muna ndéana mé an soisgéul do sheanmórughadh!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dom, ní h‐aon adhbhar maoidhmheachais dom é; mar is éigean dom é; agus is mairg dom muna gcraobhscaoilim an soiscéal!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar ní aon chúis mhaíte dom é má bhím ag seanmóireacht an tsoiscéil. Mar tá feidhm curtha orm. Is mairg dom é mura mbím ag seanmóireacht an tsoiscéil!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní aon chúis mhaíte dom bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní haon chúis mhaíte dom a bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is dom-sa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt.