1 Corinthians 9:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír más ó thoil do ním so, atá luáidheachd agam: más a nadhaigh mo thoile, atá fós a chúram ar na léigean táóbh ríom.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir, má’s dem’ shaor‐thoil féin do‐ghním é, atá luach saothair agam; acht, má’s i n‐aghaidh mo thola é, do cuireadh ’n‐a chúram orm é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Más de mo dheoin féin a dhéanaim é, tá duais le fáil agam; ach más i mʼainneoin a dhéanaimse é, is ordú é a taobhaíodh liom lena chur i gcrích.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá mba de mo dheoin féin a bheinn á dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul dom; ach más de m' ainneoin é, is dualgas é atá curtha orm.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá mba de mo dheoin féin a bheinn dá dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul dom; ach más de mʼainneoin é, is dualgas é atá curtha orm.