1 Corinthians 9:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí mé mar Iúduighe do na Iúduighibh, chum na Niúduigheadh do ghnodhughadh; don druing atá fáoi an reachd, amhuil mar bheinn fáoi an reachd, chum na druinge atá fáoi an reachd do ghnódhughadh dhamh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do na h‐lúdachaibh do bhíos mar lúdach, chum go mbuaidhfinn na h‐lúdaigh; do’n dream do bhí fá’n dlighe, mar bhéinn fá’n dlighe (gidh nach bhfuilim féin fá’n dlighe), chum go mbuaidhfinn na daoine atá fá’n dlighe;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Rinne mé Giúdach díom féin do na Giúdaigh, ionas go meallfainn na Giúdaigh; rinne mé díom féin duine mar a bheadh faoin dlí—cé nach bhfuilim féin faoin dlí—ionas go meallfainn an dream a bhíos faoin dlí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Leis na Giúdaigh bhí mé mar a bheadh Giúdach d' fhonn na Giúdaigh a thabhairt liom. Leo sin atá faoi réir an dlí bhí mé mar dhuine a bheadh faoi réir an dlí cé nach bhfuilim faoina réir dáiríre d' fhonn an mhuintir atá faoi réir an dlí a thabhairt liom.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Leis na Giúdaigh bhí mé mar a bheadh Giúdach dʼfhonn na Giúdaigh a thabhairt liom. Leo sin atá faoi réir an dlí bhí mé mar dhuine a bheadh faoi réir an dlí–cé nach bhfuilim faoina réir dáiríre–dʼfhonn an mhuintir atá faoi réir an dlí a thabhairt liom.