1 Corinthians 9:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A né nach bhfuil a fhios aguibh, an dream bhíos ag coimhridh ré chéile go riothaid uile, bíodh gur ab éunduine bheireas an geall? Go madh hamhluidh dhéantáoisi rioth, ionnus go madh éidir libh gnodhughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nach eol daoibh go ritheann gach duine i gcoimhlint reatha, acht gur ab aon duine amháin bhuaidheas an duais? Rithidh‐se chum go mbuaidhfidh sibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nach feasach daoibh go mbíonn na reathaithe uile páirteach i gcoimhlint reatha, ach nach bhfaigheann ach an t-aon duine amháin an duais? Rithigí sibhse ar dhóigh go bhfaighe sibh an duais.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Iad siúd a bhíonn ag rás i gcomórtas nach bhfuil a fhios agaibh go ritheann siad go léir, ach nach mbeireann ach an t-aon duine amháin acu an chraobh leis. Rithigíse ar shlí go mbainfidh sibh an chraobh thar barr amach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)