1 Corinthians 9:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus gach áon chleachdus sbáirn is measardha é sna huile neithibh. Agus is uime do níd síadsan sin chum coróine truáillighe dfagháil; achd inne chum coróine neamhthruáillighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus gach duine théigheas san iomaidheacht cleachtann sé smacht do choimheád air féin ar gach slighe. Agus do‐ghní siad‐san sin chum coróin truaillighthe do bhuadhachtain; acht doghnímíd‐ne é chum coróin neamh‐thruaillighthe do bhuadhachtain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn gach lúthchleasaí ag cur smachta air féin san uile short ní. Bíonn siadsan á dhéanamh chun go bhfaighe siad an chraobh a chríonas, ach bímidne á dhéanamh le craobh nach bhfeonn a fháil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níl aon iomaitheoir díobh nach í an mheasarthacht a ghnáthaíonn sé i ngach ní. Níl le baint acu siúd ach craobh dhíomuan ach tá craobh le baint againne nach dtréigfidh choíche.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níl aon iomaitheoir díobh nach í an mheasarthacht a ghnáthaíonn sé i ngach ní. Níl le baint acu siúd ach craobh dhíomuan ach tá craobh le baint againne nach dtréigfidh choíche.