1 Corinthians 9:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cía théid chum cogaidh uáir ar bith ar a chosdús féin? cía chúireas fíneamhuín, agus nach ítheann féin dá thoradh? nó cía bheathuigheas tréud, agus nach blaiseann do bhainne an tréuda?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cia h‐é do‐ghní seirbhís saighdiúra am ar bith ar a chostas féin? Cia h‐é chuireas fíon‐ghort agus nach n‐itheann d’á thoradh? Nó cia h‐é bheathuigheas tréad agus nach mblaiseann bainne an tréada?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cé a liostálas mar shaighdiúir ar a chostas féin? Cé a chuireas fíonghort gan cuid dá thorthaí a ithe? Cé a thugas aire do thréad gan cuid dá bhainne a fháil?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíonghort ach nach n-itheann cuid dá thoradh? Nó cén t-aoire a dhéanann aoireacht ach nach n-ólann bainne a thréada féin?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíon-ghort ach nach n-itheann cuid dá thoradh? Nó cén t-aoire a dhéanann aoireacht ach nach n-ólann bainne a thréada féin?