1 John 1:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A ní do chonncamar agus do chúalamar atámáoid dhá fhoillsiughadh dhibhse, ionnus go mbíadh cumann aguibhse mar an gcéudna rinne: agus ar gcumainne fós ris a Nathair, agus ré na Mhac Iósa Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
an méid do chonnacamar agus do chualamar, is é atá againn d’á fhógairt daoibh‐se, leis, chum go mbéidh cumann agaibh‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Athair atá ár gcumann, agus le n‐a Mhac Íosa Críost:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
tá an méid a chonaiceamar agus a chualamar á fhoilsiú againn daoibhse, ionas go mbeidh cumann agaibh linne; agus is leis an Athair agus leis an Mac Íosa Críost atá ár gcumann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeidh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.