1 John 2:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A chlann bheag, sgríobhuim na neithese chuguibh, ionnus nach déunadh sibh peacadh. Agus má rinne éinneach peacadh, atá abhcóidigh aguinn a bhfochair a Nathar, Iósa Críosd an firéún.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A chlann bheag, atáim ag scríobhadh na neithe seo chugaibh chum nach ndéanfaidh sibh peacadh. Agus má ghníonn aoinneach peacadh, atá abhcóide againn i bhfochair an Athar, Íosa Críost fíréan:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A leanaí, táim á scríobh seo chugaibh do bhur gcosc ó pheaca; ach má dhéanann duine peaca, bíonn ár gcosantóir againn os comhair an Athar, Íosa fíréanta Críost,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann aon duine peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.