1 John 2:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an tí fhuáithigheas a dhearbhráthair atá sé a ndorchadas, agus siubhluidh sé a ndorchadas, agus ní eadair sé cá háit a ngabhann, do bhrígh gur dhall an corchadas a shúile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht an té do‐bheir fuath d’á bhráthair, atá sé san dorchadas, agus atá sé ag siubhal san dorchadas, gan a fhios aige cá bhfuil a thriall, toisc a shúile bheith dallta ag an dorchadas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach an té a mbíonn fuath aige dá bhráthair tá sé sa dorchadas ag siúl sa dorchadas, gan fios a bhealaigh aige, ó dhall an dorchadas a shúile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach an té ar fuath leis a bhráthair tá sé sa dorchacht agus siúlann ann, agus ní fios dó cá bhfuil a thriall mar gur dhall an dorchacht a shúile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach an té ar fuath leis a bhráthair tá sé sa dorchadas agus siúlann ann, agus ní fios dó cá bhfuil a thriall mar gur dhall an dorchadas a shúile.