1 John 2:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Sgríobhuim chuguibh, a aithreacha, do bhrígh gur ab aithne dhíbh an tí atá ann ó thosuigh. Sgríobhuim chuguibh, a ogánacha, do bhrígh go rugabhair buáidh ar an droch spioruid. Sgríobhuim chuguibh, a leanba beaga, do bhrígh gur an aithne dhíbh an Tathair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a aithreacha, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an té atá ann ó thús. Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a fheara óga, de bhrigh go bhfuil buaidhte agaibh ar an ainspioraid. Do scríobhas chugaibh‐se, a chlann bheag, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an Athair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Táim ag scríobh chugaibh, a aithreacha, ós aithnid daoibh an té a bhí ann ó thús. Táim ag scríobh chugaibh, a óigfheara, ós sibh a fuair bua ar an ainsprid. Scríobh mé chugaibh, a pháistí, ós aithnid daoibh an tAthair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta.