1 John 2:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do sgríobh mé chuguibh, a aithreacha, do bhrigh gur ab aithne dhíbh an tí ata ann ó thosuigh. Do sgríobh mé chuguibh, a ógánacha, do bhrígh go bhfuil sibh láidir, agus go bhfuil bríathar Dé na comhnuighe ionnuibh, agus go rugabhair buáidh ar an droch spioruid.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do scríobhas chugaibh‐se, a aithreacha, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an té atá ann ó thús. Do scríobhas chugaibh‐se, a fheara óga, de bhrigh go bhfuil sibh tréan, agus go gcómhnuigheann briathar Dé ionnaibh, agus go bhfuil buaidhte agaibh ar an ainspioraid.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Scríobh mé chugaibh, a aithreacha, ós aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibh, a óigfheara, ós láidir sibh, agus ó cónaíonn briathar Dé ionaibh, agus ó fuair sibh bua ar an ainsprid.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scríobh mé chugaibhse, a leanaí, mar gur aithnid daoibh an tAthair. Scríobh mé chugaibh, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibhse, a dhaoine óga, mar gur tréan sibh, agus go maireann focal Dé ionaibh, agus gur threascair sibh an mac mallachta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scríobh mé chugaibhse, a leanaí, mar gur aithnid daoibh an tAthair. Scríobh mé chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibhse, a dhaoine óga, mar gur tréan sibh, agus go maireann focal Dé ionaibh, agus gur threascair sibh an mac mallachta.