1 John 2:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin comhnuigheadh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh. Dá gcomhnuighidh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh, biáidh sibhse mar an gcéudna bhur gcómhnuighe sa Mhac, agus sa Nathair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Maidir libh‐se, an teagasc do chualabhar ó thús, cómhnuigheadh sé ionnaibh. Má chómhnuigheann an nidh do chualabhar ó thús ionnaibh, béidh sibh ’n‐bhur gcómhnaidhe san Mac agus san Athair mar an gcéadna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Fanadh ar chuala sibh ó thús ionaibh. Má fhanann ar chuala sibh ó thús ionaibh, fanfaidh sibhse sa Mhac agus san Athair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach maidir libhse, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibhse freisin sa Mhac agus san Athair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach maidir libh-se, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibh-se freisin sa Mhac agus san Athair.