1 John 2:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd atá an tungadh do ghlacabhair úadhsan na chomhnuighe ionnuibh, agus ní bhfuil na riachdanus oruibh neach ar bith bhur múnadh: achd mar mhuineas an tungadh sin sibh a dtáobh na nuile neitheann, agus as fírinneach é, agus ní bhfuil bréug ann, agus do réir mar do mhúin sé sibh, do dhéunuidh sibh comhnuigh annsan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht maidir libh féin, an t‐ungadh fuarabhar uaidh‐sean, cómhnuigheann sé ionnaibh, agus ní gábhadh go múinfeadh aoinneach sibh; acht fá mar mhúineann a ungadh sibh i dtaobh an uile nidh, agus gur fírinne é, agus nach bréag é; agus fá mar mhúin sé sibh, cómhnuighidh ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach is é rud, fanann lorg na hola, ar ung sé sibh léi, oraibh, agus níl feidhm oraibh le haon duine a bheith do bhur dteagasc; ó tugann ola an ungtha sin teagasc daoibh i dtaobh gach uile ní, agus ós fíor agus nach bréag é, fanaigí dílis don mhéid a theagasc sé daoibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t-ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach maidir libh-se, maireann fós ionaibh an t-ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní haon bhréag–mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.